Tá ár dteanga dhúchais croí lár i gcultúr an CLG. Níos mó ná céad daichead bliain ina dhiaidh bunú an CLG, tá an mhisean sin beo fós inniu.
Tá Clár Átha Dá Chorradh bródúil as a bheith páirteach in é a coiméad beo. Tháinig tionscnamh chun cinn ón gCLG beagnach deich mbliana ó shin chun úsáid na Gaeilge a spreagadh i gclubanna ar fud na tíre. Is i gcuimhne Sheosaimh Mhic Dhonncha – iar-Uachtarán an Chumainn agus cara mór do CLG Clár Átha an Da Chorradh– a bunaíodh an Fondúireacht Shéosaimh Mhic Dhonncha. Seo an dara bliain as a chéile dúinn páirt a ghlacadh sa feachtas agus bonn cré-umha againn tar éis.
Tá an moltóireacht ar siúl an tseachtain seo, agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a thug tacaíocht don tionscnamh seo le linn na bliana – idir imeachtaí dearfacha, spraíúla agus spás tugtha dár dteanga féin.
Táimid ag déanamh iarracht mhór níos mó Gaeilge a úsáid inár ngnáthchumarsáidí laethúla, rud atá soiléir inár bpoist ar na meáin shóisialta a fhoilsítear i nGaeilge chomh maith leis an mBéarla. Faoi dheireadh 2025, tá súil againn bonn airgid a bhaint amach mar aitheantas ar ár gcuid oibre chun an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach gné dár saol club.
Is próiseas leanúnach é seo, agus cuirimid fáilte roimh bhaill nua i gcónaí chuig ár n-imeachtaí, ár dtionscadail agus ár gcoiste. Ní gá líofacht – tá fáilte mhór roimh foghlaimeoirí freisin.
Beatha teanga í a labhairt.
Ar an nós beir Bua.